Access Keys:

 
 
Bunscoil an Iúir, Newry

Éiteas na Scoile School Vision

Is í an aidhm atá ag Bunscoil an Iúir scoth an oideachais a sholáthar an oiread agus is féidir do dhaltaí uile na scoile i dtimpealllacht atá pléisiúrtha agus comhbhách mar a dtig leis na páistí uilig a mhothú go bhfuil siad slán sábháilte agus go léirítear meas agus urraim dóibh. Tá Bunscoil an Iúir ag croílár phobal Gaeilge an Iúir. Is é an sprioc atá romhainn an caighdeán is fearr oideachais agus tréadchúraim a chur ar fáil do gach páiste tríd an Ghaeilge. Aithnímid sainchumas gach duine aonair agus bláthaíonn gach páiste atá faoinár gcúram. Tá Bunscoil an Iúir tiomanta d’fhorbairt agus d’fhás an duine ina iomlaine i dtimpeallacht shaibhir Ghaeilge a thacaíonn le foghlaim , a cheiliúrann gach iarracht a dhéantar agus a ullmhaíonn ár bpáistí don saol teicneolaíoch atá ag síorathrú. Tá an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge barrthábhachtach dúinn. Ceiliúraimid agus cuirimid ár dteanga agus ár gcultúr chun cinn i gcónaí. Cuirimid ár bhféiniúlacht féin chun cinn agus lena chois sin glacaimid go fonnmhar leis an ilchineálacht ag gach leibhéal.

Iarraimid ar ár ndaltaí ardchaighdeáin oideachais a bhaint amach agus chomh maith leis sin iarraimd ar ár múinteoirí ardchaighdeáin gairmiúlachta a shroichint. Ba chóir do na páistí suim a léiriú sna gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl acu agus ba chóir go mbeadh fonn oibre orthu mar thoradh ar an phleanáil agus ar an chur i láthair a dhéanann na múinteoirí. Déanaimid iarracht iompraíocht a chothú a chuidíonn leis na páistí meas a bheith acu orthu féin agus ar dhaoine eile agus gníomhú go freagrach taobh istigh de theorainneacha aitheanta.

Déanfaimid iarracht spiorad láidir pobail a chur chun cinn le tuismitheoirí agus aithneoimid go bhfuil ról tábhachtach acu in oideachas a gcuid páistí. Ba chóir go mothóidh siad go bhfuil tacaíocht ann dóibh má bhíonn ábhar buartha acu agus ba chóir go mbeadh siad ábalta an scoil a aithint mar ionad atá oscailte agus fáilteach roimh na riachtanais atá acu.

Beimid ag iarraidh cumarsáid éifeachtach a bhaint amach idir na páistí, foireann na scoile, na tuismitheoirí agus Bord na nGobharnóiri agus is ar an bhonn fhiúntach seo a bheimid in inmhe bheith ag obair agus ag foghlaim le chéile.

Ní neart go cur le chéile

Bunscoil an Iúir aims to provide all its pupils with the best education possible in a happy and caring environment where every child can feel secure, valued and respected as an individual. Bunscoil an Iúir is at the heart of the Newry Irish speaking community. Our task is to provide the highest standard of education and pastoral care for every child through the medium of Irish. We recognise the potential of the individual and every child flourishes under our care. Bunscoil an Iúir is committed to the development and growth of the whole person, in a rich Irish language environment which supports learning, celebrates endeavour and prepares our children for an ever changing, technological world. The native language and culture of our country is very important to us. We celebrate and promote both our language and culture. We promote our own identity and embrace diversity at all levels.

We seek high standards of educational achievement from our children and high standards of professionalism from our teachers. The children should be interested in their activities and be well motivated due to effective teacher planning and delivery. We aim to foster behaviour, which enables children to have respect for themselves and others and to act responsibly with an awareness of boundaries.

We will try to promote a strong community spirit with parents recognising that they have important contributions to make in their child’s education. They should feel supported in their concerns and recognise the school as a place, which is open and receptive of their needs.

We aim for effective communication between children, staff, parents and governors, which will provide a sound basis for working and learning together.

Ní neart go cur le chéile.