Seachtain Frithbhulaíochta
13ú Samhain 2025
Ghlac páistí rang a 3/4 páirt i Seachtain Frithbhulaíochta 2025. Dé Luain, chaith na páistí stocaí éagsúla le taispeáint ‘go bhfuil muid uilig difriúl ach go bhfuil muid uilig speisialta.’ ❤
Bhí plé bríomhar againn faoi thábhacht labhairt amach agus seasamh in éadan na bulaíochta. Chuir muid béim ar an fhíric gur chóir dúinn a bheith cineálta lena chéile i gcónaí agus tacú le cairde. Chun feasacht a ardú, rinne na páistí póstaeir iontacha le manaí láidre. Bhí an mana ‘Bí Cineálta’ le feiceáil go soiléir ar fud na bpóstaer, ag taispeáint dúinn go bhfuil sé ríthábhachtach cineáltas a léiriú gach lá.
Ní neart go cur le chéile.
Bunscoil an Iúir, 74 Kilmorey St, Newry BT34 2DH | Phone: 028 3026 0860

