Access Keys:

 
 
Bunscoil an Iúir, Newry

Seachtain Frithbhulaíochta

13ú Samhain 2025

Ghlac páistí rang a 3/4 páirt i Seachtain Frithbhulaíochta 2025. Dé Luain, chaith na páistí stocaí éagsúla le taispeáint ‘go bhfuil muid uilig difriúl ach go bhfuil muid uilig speisialta.’ ❤

Bhí plé bríomhar againn faoi thábhacht labhairt amach agus seasamh in éadan na bulaíochta. Chuir muid béim ar an fhíric gur chóir dúinn a bheith cineálta lena chéile i gcónaí agus tacú le cairde.  Chun feasacht a ardú, rinne na páistí póstaeir iontacha le manaí láidre. Bhí an mana ‘Bí Cineálta’ le feiceáil go soiléir ar fud na bpóstaer, ag taispeáint dúinn go bhfuil sé ríthábhachtach cineáltas a léiriú gach lá.

Ní neart go cur le chéile.