Access Keys:

 
 
Bunscoil an Iúir, Newry

Is Breá Linn An Cumann Lúthchleas Gael i mBunscoil an Iúir

13ú Deireadh Fómhair 2023
Bhí lá iontach againne i mBunscoil an Iúir inniu agus muid ag ceiliúradh an CLG! Bhí deis ag na páistí (agus ag an fhoireann!) geansaithe agus dathanna de chuid a gclub agus a gcondae a chaitheamh ar scoil. Bhí seo go speisialta tábhachtach ag cuid dár bpáiste de thairbhe go mbeidh clubanna s'acu, Liatroim agus Caisleán Ruairí, ag imirt sa chluiche cheannais idirmheánach amárach. Ádh mór orthu!