Access Keys:

 
 
Bunscoil an Iúir, Newry

🎭🕵️‍♀️🔎 Féile Scoildrámaíochta 2023 🎭🕵️‍♀️🔎

15ú Márta 2023
Bhí bród an domhain orainn uilig i mBunscoil an Iúir agus muid ag amharc ar pháistí R6/7 ag léiriú 'Sherlock Holmes' ar an ardán ar maidin in Halla na Cathrach. Bhí na páistí ar fad thar barr, idir aisteoireacht agus damhsa, agus labhair siad amach go muiníneach agus go sóléir. Sa seachtain seo nuair a bhí 'An Cailín Ciúin' ar an chéad scannán Gaeilge riamh le bheith ar ghearrliosta na hOscars, tá muid cinnte de nach mbeidh sé i bhfad uainn go dtí go mbeidh lucht Bhunscoil an Iúir ag tógáil duaiseana cosúil leis sin!    Agus tá sé thar a bheith spéisialta gur bhain Cara an duais don aisteoir is fearr sa chomórtas inniu, tá muid fíor - bhródúil aisti agus níl iontas ar bith againn i ndiaidh dúinn a léiriú den charachtar Sherlock Holmes a fheiceáil. Maith í!   Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabhail le Múinteoir Ciarán, Aoife agus Caoimhe a d'ullmhaigh na páistí ar scoil agus dár dtúistí ar fad ach Sinead agus Orla go háirithe. 

#níneartgocurlechéile   🎭🕵️‍♀️🔎🎭🕵️‍♀️🔎🎭🕵️‍♀️🔎🎭🕵️‍♀️🔎🎭🕵️‍♀️🔎